FAOI SRUTH NA TEANGA
Turas persanta thí scéal ollmhór na Gaeilge
Curtha i láthair arna mhaoiniú ag Gaillimh 2020
Is píosa dhátheangach tumthach amharclannaíochta é Sruth na Teanga a chuireann scéal agus teacht chun cinn na Gaeilge i láthair ar shlí lán samhlaíochta. Tá eispéireas ar leith cruthaithe ag Branar a thugann an lucht féachana linn ar thuras eipiciúil ár dteanga dúchais.
Grúpa ar ghrúpa, téann 10 duine ar aistear trí 5 dhomhan éagsúla, spreagúla agus léireofar scéal spleodrach na teanga. Tugann sainstíl scéalaíochta Branar an phuipéadóireacht, an ceol, an mhapáil físe agus an léiriú beo le chéile – ná caill amach air.
Oiriúnach do chuile leibhéal Gaeilge agus Béarla
Dataí: 1ú - 18ú Meán Fomhair 2021 mar chuid de Galway International Arts Festival
Aoisghrúpa: 7 mbliana+
Fad: thart ar 45 nóim.
Ionad: Críochfort Aerfort na Gaillimhe, An Carn Mór*
Praghas: Páistí - €10, Duine Fásta - €12.50 - €15, Clann (ceathrar) - €45
*Tá An Carn Mór ar imeall chathair na Gaillimhe, cúpla nóiméad ón M6 (Baile Átha Cliath), an M17 (Tuaim/Sligeach) agus an M18 (Clár/Luimneach)